Firefox: Níos mó cosanta. Níos lú imní.

Is é do phríobháideachas an chloch is mó ar ár bpaidrín. Sin an fáth ar chruthaíomar Mód Príobháideach atá i bhfad níos cumhachtaí ná na brabhsálaithe eile.

Tá seans maith ann nach dtagann do chóras le riachtanais Firefox; bain triail as ceann de na leaganacha éagsúla seo:

Ní chomhlíonann do chóras na riachtanais chun Firefox a úsáid.

Ní chomhlíonann do chóras na riachtanais chun Firefox a úsáid.

Na treoracha le leanúint chun Firefox a shuiteáil.

Príobháideachas Firefox

Brabhsáil gan tásc ná tuairisc

Is breá linn comhroinnt ar líne, ach ba cheart go mbeifeá i gceannas air. Le Brabhsáil Phríobháideach, glanann Firefox do chuid sonraí pearsanta ó do ríomhaire, mar shampla focail fhaire, fianáin, agus stair bhrabhsála. Ní fhágfaidh tú lorg ar bith nuair a dhúnfaidh tú Firefox.

Cuir bac ar na lorgairí fógraíochta

Baineann suímh áirithe úsáid as lorgairí i bhfolach a bhailíonn do chuid sonraí brabhsála i bhfad i ndiaidh duit an suíomh a fhágáil. Firefox amháin atá in ann cosc a chur ar na lorgairí seo go huathoibríoch.

Ualach na lorgairí a laghdú

Ní hé hamháin go mbailíonn na lorgairí do chuid sonraí pearsanta, ach cuireann sé moill ar an mbrabhsáil freisin. Is é Firefox amháin a chuireann cosc ar fhógraí a úsáideann lorgairí folaithe — caith an t-ualach díot agus brabhsáil de réir do thola.