Firefox ar Android

Leis an méid is mó gnéithe saincheaptha go dtí seo.

Gnéithe

  • Brabhsáil níos sciobtha níos fearr ar do bhealach féin

    Is é Firefox amháin a thugann an oiread seo bealaí le brabhsáil níos sciobtha. Cuir do bhrabhsálaí in oiriúint duit féin le roghanna ar nós comhroinnt chliste agus cuardaigh in-saincheaptha le bheith surfáil ar luas lasrach.

  • Tabhair na breiseáin isteach

    Le Firefox, is féidir leat uirlisí a roghnú le brabhsálaí foirfe a thógáil duit féin, choscairí fógraí, cláir íoslódála físeán, agus go leor eile. Cuir na breiseáin a theastaíonn uait le Firefox, agus ná bac leis an gcuid eile.

  • Cosain do phríobháideachas

    Creidimid gur leatsa amháin do chuid sonraí pearsanta. Ní dhíolann Firefox do stair bhrabhsála, agus tugann sé uirlisí príobháideachais duit, mar shampla Brabhsáil Phríobháideach agus Cosaint ar Lorgaireacht.

Tuilleadh luais

Do dhúshlán, a Idirlíon! Chaitheamar an bhliain seo caite ag iarraidh luas a chur le Firefox. Beidh tú in ann an brabhsálaí a thosú sna featha fásaigh, cluaisíní a athrú ar luas lasrach, agus scrollú ar nós na gaoithe.

Beidh tú níos éifeachtúla le Firefox

Tuilleadh saoirse

Nílimid sásta a bheith ag sodar i ndiaidh na n-uasal. Mar chuid den eagraíocht neamhbhrabúis Mozilla, tá Firefox ar thús cadhnaíochta sa troid ar son ceart ar líne agus ar son Idirlín a dhéanann leas do chách.

Brabhsáil neamhspleách le Firefox