01 Is cuid bhunúsach den saol sa lá atá inniu é an tIdirlíon — imríonn sé ról fíorthábhachtach i gcúrsaí oideachais, cumarsáide, gnó, siamsaíochta, agus sa sochaí go ginearálta.
06 Braitheann éifeachtacht an Idirlín mar acmhainn phoiblí ar an idir-inoibritheacht (prótacail, formáidí sonraí, ábhar), ar an nuálaíocht, agus ar rannpháirtíocht dhíláraithe ar fud an domhain.
09 Baineann go leor buntáistí le comhlachtaí tráchtála a bhfuil lámh acu i bhforbairt an Idirlín, ach tá sé fíorthábhachtach an chothromaíocht cheart a aimsiú idir brabús agus leas an phobail.
10 Is sprioc thábhachtach é aird a tharraingt ar na bealaí a chuireann an tIdirlíon leas an phobail chun cinn, agus is fiú am, fuinneamh, agus dua a chaitheamh leis.