Firefox

Brabhsáil Logánaithe

Is féidir le Firefox insint do shuímh Ghréasáin cá bhfuil tú lonnaithe sa chaoi gur féidir leat faisnéis atá níos tairbhí agus níos áisiúla a aimsiú. Déanann sé seo an Gréasán níos cliste – agus i slí a chosnaíonn do phríobháideacht go hiomlán. Bain triail as!

Ceisteanna Coitianta

Cad é atá ann go díreach?

Nuair a bhaineann suíomh Gréasáin úsáid as an ngné seo, fiafróidh sé díot cá bhfuil tú, i dtreo go mbeidh sé in ann faisnéis níos tairbhí a thabhairt duit agus do chuardach a bhrostú. Mar shampla, má tá tú ag lorg bialainne phizza i do cheantar, níl ort ach “pizza” a chur isteach sa suíomh chun an fhaisnéis atá uait a fháil... níl aon eolas ná clóscríobh breise de dhíth.

Nó, má tá tú ag dul áit éigin agus níl eolas an bhealaigh agat, beidh a fhios ag an suíomh Gréasáin an áit a bhfuil tú ag tosú uaithi agus níl ort ach do cheann scríbe a chur isteach.

Seirbhís roghnach í seo – ní scaipfidh Firefox do láthair gan chead – déantar seo agus an-mheas againn ar do phríobháideacht. Anuas air seo, maraon le gach uile pháirt de Firefox, baintear úsáid as caighdeáin oscailte sa bhforbairt le gur fusa d'fhorbróirí Gréasáin glacadh leis an tseirbhís seo.

Conas a oibríonn sé?

Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh Gréasáin a úsáideann an ghné seo, fiafróidh Firefox díot más mian leat do láthair a nochtadh.

Má aontaíonn tú leis seo, baileoidh Firefox faisnéis faoi phointí rochtana gan sreang i ngar duit agus seoladh IP do ríomhaire. Ansin, seolfaidh Firefox an fhaisnéis seo chuig soláthraí seirbhísí suite domhanda, Google Location Services de réir réamhshocraithe, a dhéanfaidh meastachán ar do láthair. Beidh an meastachán seo roinnte leis an suíomh Gréasán a d'iarr é.

Mura n-aontaíonn tú leis, ní dhéanfaidh Firefox faic.

Cé chomh beacht is atá na torthaí?

Is mór an difríocht sa bheachtas ó cheantar go ceantar. In áiteanna áirithe, is féidir lenár soláthraithe seirbhíse do láthair a dhéanamh amach faoi chúpla méadar. Ach, in áiteanna eile beidh sé i bhfad níos mó ná sin. Ní dhéanann ár soláthraithe seirbhísí ach meastachán ar do láthair, agus ní théimid i mbannaí ar bheachtas na dtorthaí. Ná húsáid an fhaisnéis seo i gcás éigeandála. Bíodh ciall agat i gcónaí!

Cad iad na sonraí a sheolfar? Cé a gheobhas í? Conas a chosnaítear mo phríobháideacht?

Is í do phríobháideacht an chloch is mó ar ár bpaidrín, agus ní scaipeann Firefox do láthair gan chead riamh. Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh Gréasáin a iarrann ort d'fhaisnéis a roinnt, fiafrófar díot sula roinnfear aon fhaisnéis lenár soláthraí seirbhísí nó leis an suíomh Gréasáin a d'iarr é.

De réir réamhshocraithe, is é Google Location Services an soláthraí seirbhísí a úsáideann Firefox chun do láthair a fháil, tríd an fhaisnéis seo a leanas a sheoladh:

  • seoladh IP do ríomhaire,
  • faisnéis faoi phointí rochtana gan sreang i ngar duit, agus
  • aitheantóir randamach cliaint, sannta ag Google, a théann as feidhm gach coicís.

Chun cur síos iomlán ar an bhfaisnéis a bhailíonn Firefox a fháil, féach ar Pholasaí Príobháideachta Mozilla Firefox (i mBéarla).

Ansin, déanann Google Location Services meastachán ar do shuíomh domhanda (.i. domhanleithead agus domhanfhad). Chun cur síos iomlán ar an bhfaisnéis a bhailíonn Google a fháil, féach ar Pholasaí Príobháideachta Google Geolocation (i mBéarla).

Malartaíonn an fhaisnéis go léir trí cheangal criptithe chun do phríobháideacht a chosaint. Nuair a bheidh an fhaisnéis faoi do láthair ag Firefox, seolfaidh sé í chuig an suíomh Gréasáin a d'iarr í. Ní roinntear ainm nó láthair an tsuímh Ghréasáin a bhfuil tú ag déanamh cuairt air, nó aon fhianáin, le Google Location Services riamh.

Ní úsáidfidh Mozilla ná Google an fhaisnéis a bhailíonn Google Location Services chun thú a shainaithint, nó spiaireacht a dhéanamh ort.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas a úsáideann an suíomh Gréasáin faisnéis faoi do láthair, féach ar pholasaí phríobháideacht an tsuímh sin.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi do phríobháideacht, ba chóir duit na leathanaigh seo a léamh freisin:

An bhfuil tú ag coinneáil súil orm agus mé ag brabhsáil?

Níl. Ní iarrann Firefox do láthair go dtí go n-iarrann suíomh Gréasáin é, agus ní nochtann sé do láthair gan chead. Ní mheabhraíonn Firefox do láthair le linn duit a bheith ag brabhsáil.

Cad is féidir a dhéanamh dá n-athróinn m'intinn faoi shuíomh ar thug mé cead dó?

Má thug tú cead do Firefox do láthair a roinnt le suíomh Gréasáin ach d'athraigh tú d'intinn, is féidir an cead a chur ar ceal gan stró:

  • Téigh go dtí an suíomh ar thug tú cead dó
  • Téigh go dtí an roghchlár Uirlisí, agus roghnaigh Sonraí an Leathanaigh
  • Roghnaigh an cluaisín Ceadanna
  • Athraigh an luach faoi Ceadaigh

Conas is féidir liom Brabhsáil Logánaithe a dhíghníomhachtú go brách?

Tá Brabhsáil Logánaithe roghnach i gcónaí i bhFirefox. Ní scaoilfear aon fhaisnéis faoi do láthair gan chead. Más mian leat an ghné seo a dhíchumasú go hiomlán, ba chóir duit na treoracha seo a leanas a leanúint:

  • Clóscríobh about:config sa bharra URL
  • Clóscríobh geo.enabled
  • Déchliceáil ar an rogha geo.enabled
  • Tá Brabhsáil Logánaithe díchumasaithe anois

Conas is féidir liom Geoshuíomh a chur le mo shuíomh Gréasáin?

Is féidir leat na treoracha ar Lárionad Forbartha Mozilla a leanúint chun Geoshuíomh a chomhtháthú le do sheirbhís.