Bunphrionsabail Phríobháideachais Sonraí

Tagann na cúig phrionsabal seo a leanas as Forógra Mozilla agus imríonn siad tionchar ar an gcaoi:

  • a bhforbraímid ár gcuid táirgí agus seirbhísí
  • a rialaímid na sonraí a bhailímid ó úsáideoirí
  • a roghnaímid comhpháirtithe agus a bhforbraímid caidreamh leo
  • ndéanaimid obair abhcóideachta agus beartas poiblí
  1. Gan aon ionadh

    Faisnéis a úsáid agus a chomhroinnt ar bhealach follasach agus ar son leas an úsáideora.

  2. An t-úsáideoir i gceannas

    Táirgí agus dea-chleachtais a fhorbairt a chuireann an t-úsáideoir i gceannas ar a chuid sonraí agus saol ar líne.

  3. Sonraí teoranta

    Na sonraí a theastaíonn uainn amháin a bhailiú, faisnéis phearsanta a ghlanadh más féidir, agus sonraí a scriosadh nuair is féidir.

  4. Socruithe ciallmhara

    Cothrom na Féinne a thabhairt do shlándáil agus eispéireas an úsáideora.

  5. Cosaint ar doimhneacht

    Rialacháin agus cleachtais ilsrathaithe slándála a chothú, cuid mhaith acu indeimhnithe go poiblí.