Firefox ar iOS

An luas a theastaíonn uait i mbrabhsálaí iontaofa.

Gnéithe

  • Athraigh ó ghléas go gléas mar shaineolaí

    Cibé áit a rachaidh tú, beidh Firefox leat. Tóg do chuid leabharmharcanna, cluaisíní oscailte, focail fhaire, agus stair bhrabhsála leat ó ghléas go gléas.

  • Cosain do phríobháideachas

    Ná lig do rún le héanlaith an aeir… is leatsa an rogha. Ní dhíolann Firefox do chuid sonraí pearsanta. Le brabhsáil phríobháideach agus cosaint ar lorgaireacht, is tusa amháin atá i gceannas ar do stair bhrabhsála.

  • An t-eolas go léir ar bharra do mhéar

    Bain triail as moltaí cuardaigh chun teacht ar an eolas atá uait go han-ghasta. Déanann Firefox an obair ar do shon trí théarmaí cuardaigh a thuar, sa chaoi go mbeidh tú in ann freagra a fháil ar an gceist sin atá ag dó na geirbe agat.

Tuilleadh príobháideachais

Ní dhíolann Firefox do chuid faisnéise pearsanta ar nós comhlachtaí eile. Le huirlisí príobháideachais agus cosaint ar lorgaireacht, is tusa amháin atá i gceannas ar do chuid sonraí.

Seo mar a chosnaíonn Firefox do phríobháideachas

Tuilleadh luais

Do dhúshlán, a Idirlíon! Chaitheamar an bhliain seo caite ag iarraidh luas a chur le Firefox. Beidh tú in ann an brabhsálaí a thosú sna featha fásaigh, cluaisíní a athrú ar luas lasrach, agus scrollú ar nós na gaoithe.

Beidh tú níos éifeachtúla le Firefox