Bainisteoir na bhFocal Faire: sprioc bainte amach

Ní gá duit an cluiche cuimhne a imirt a thuilleadh le Bainisteoir na bhFocal Faire.

Tá seans maith ann nach dtagann do chóras le riachtanais Firefox; bain triail as ceann de na leaganacha éagsúla seo:

Ní chomhlíonann do chóras na riachtanais chun Firefox a úsáid.

Ní chomhlíonann do chóras na riachtanais chun Firefox a úsáid.

Please follow these instructions to install Firefox.

Príobháideachas Firefox

Gnéithe

  • Laoch na bhfocal faire

    Ná bac leis an athshocrú. Coinníonn Bainisteoir na bhFocal Faire gach focal faire atá agat in áit amháin, sa chaoi go mbeidh tú in ann logáil isteach go huathoibríoch. Nó, úsáid Príomhfhocal Faire chun slándáil níos fearr a fháil.

  • Saoi na bhfocal faire

    Ná lig don “focal faire mícheart” cur isteach ort nuair atá tú ag iarraidh logáil isteach. Má tá tú logáilte isteach i do Chuntas Firefox ar do ghuthán, beidh do chuid focal faire go léir leat i gcónaí.

  • Máistir na bhfocal faire

    réimse leathan breiseán ar fáil a chabhróidh leat do chuid focal faire a bhainistiú in Firefox. Bain triail as breiseán mór-le-rá, mar shampla LastPass, nó ceann eile bunaithe ar rátálacha agus léirmheasanna ón bpobal.

Tuilleadh luais

Do dhúshlán, a Idirlíon! Chaitheamar an bhliain seo caite ag iarraidh luas a chur le Firefox. Beidh tú in ann an brabhsálaí a thosú sna featha fásaigh, cluaisíní a athrú ar luas lasrach, agus scrollú ar nós na gaoithe.

Beidh tú níos éifeachtúla le Firefox

Tuilleadh saoirse

Nílimid sásta a bheith ag sodar i ndiaidh na n-uasal. Mar chuid den eagraíocht neamhbhrabúis Mozilla, tá Firefox ar thús cadhnaíochta sa troid ar son ceart ar líne agus ar son Idirlín a dhéanann leas do chách.

Brabhsáil neamhspleách le Firefox