Úsáideann sé níos lú cuimhne ná Chrome

Má úsáideann do bhrabhsálaí an iomarca cuimhne, bain triail as Firefox.

Tá seans maith ann nach dtagann do chóras le riachtanais Firefox; bain triail as ceann de na leaganacha éagsúla seo:

Ní chomhlíonann do chóras na riachtanais chun Firefox a úsáid.

Ní chomhlíonann do chóras na riachtanais chun Firefox a úsáid.

Please follow these instructions to install Firefox.

Príobháideachas Firefox

Gnéithe

  • Cuir dlús le do ríomhaire

    Úsáideann gach ríomhchlár cuimhne. Nuair a úsáidtear an iomarca cuimhne, cuireann sé moill ar an gcóras ar fad. Déanann Firefox iarracht an chothromaíocht cheart a aimsiú — go leor cuimhne a úsáid chun brabhsáil gan mhoill, ach an oiread cuimhne a fhágáil saor ionas nach gcuirfidh sé moill ar do ríomhaire.

  • Ná lig as cuimhne é!

    Úsáideann Chrome suas le 1.77× níos mó cuimhne ná Firefox. Má tá an chuimhne ag éirí gann cheana, cuirfidh sé seo moill mhór ar do ríomhaire. Bain triail as an leagan is déanaí de Firefox le tacaíocht ilphróiseas chun níos mó chuimhne a chur ar fáil do ríomhchláir eile.

  • Brabhsáil níos sciobtha níos sábháilte

    Beidh tú in ann an Gréasán a bhrabhsáil níos sciobtha le Brabhsáil Phríobháideach. Cuireann an mód príobháideach cosc ar fhógraí agus ar lorgairí a bhailíonn sonraí maidir le do stair bhrabhsála. Is féidir le Firefox leathanaigh a lódáil níos gasta nuair nach bhfuil tranglam fógraí sáiteacha orthu.

Tuilleadh príobháideachais

Ní dhíolann Firefox do chuid faisnéise pearsanta ar nós comhlachtaí eile. Le huirlisí príobháideachais agus cosaint ar lorgaireacht, is tusa amháin atá i gceannas ar do chuid sonraí.

Seo mar a chosnaíonn Firefox do phríobháideachas

Tuilleadh saoirse

Nílimid sásta a bheith ag sodar i ndiaidh na n-uasal. Mar chuid den eagraíocht neamhbhrabúis Mozilla, tá Firefox ar thús cadhnaíochta sa troid ar son ceart ar líne agus ar son Idirlín a dhéanann leas do chách.

Brabhsáil neamhspleách le Firefox