Firefox: An Brabhsálaí Ríomhlóideach

Tá Firefox neamhspleách agus tá sé forbartha faoi scáth Mozilla, eagraíocht neamhbhrabúis a throideann ar son do cheart ar líne, a choinníonn srian ar na mórchomhlachtaí corparáideacha, agus a chuireann an tIdirlíon ar fáil do gach uile dhuine i ngach uile áit.

Tá seans maith ann nach dtagann do chóras le riachtanais Firefox; bain triail as ceann de na leaganacha éagsúla seo:

Ní chomhlíonann do chóras na riachtanais chun Firefox a úsáid.

Ní chomhlíonann do chóras na riachtanais chun Firefox a úsáid.

Na treoracha le leanúint chun Firefox a shuiteáil.

Príobháideachas Firefox

Brabhsáil gan choinníollacha

Tá Firefox forbartha ag eagraíocht neamhbhrabúis. Ciallaíonn sé sin gur féidir linn táirgí agus gnéithe nua a thógáil gan aidhmeanna folaigh. Seasaimid ar son cheart an phríobháideachais le huirlisí éagsúla, mar shampla Brabhsáil Phríobháideach agus Cosaint ar Lorgaireacht, uirlisí atá i bhfad Éireann níos fearr ná na cinn atá ar fáil in Google Chrome nó Microsoft Edge.

Faigheann tú a bhfeiceann tú

Creidimid gur chóir don Idirlíon a bheith dírithe ar dhaoine seachas ar bhrabús. Ní dhíolaimid do chuid sonraí pearsanta mar a dhéanann comhlachtaí eile. Tusa amháin atá i gceannas ar do stair bhrabhsála agus do stair chuardaigh. Rogha — is é sin bun is barr Idirlíon sláintiúil!

Brabhsálaí ar mhisean

Is é Firefox an brabhsálaí amháin le coinsias sóisialta. Mar chuid den eagraíocht neamhbhrabúis Mozilla, troidimid ar son do cheart ar líne, coinnímid srian ar na mórchomhlachtaí teicneolaíochta, agus cuirimid dea-chleachtais Idirlín chun cinn i dtíortha atá i mbéal forbartha. Nuair a roghnaíonn tú Firefox, roghnaímid thú.