Tá Firefox níos sciobtha níos solúbtha

Táimid ag traenáil le tamall anuas ionas go mbeidh tú ábalta níos mó a dhéanamh.

Tá seans maith ann nach dtagann do chóras le riachtanais Firefox; bain triail as ceann de na leaganacha éagsúla seo:

Ní chomhlíonann do chóras na riachtanais chun Firefox a úsáid.

Ní chomhlíonann do chóras na riachtanais chun Firefox a úsáid.

Na treoracha le leanúint chun Firefox a shuiteáil.

Príobháideachas Firefox

Níos lú cuimhne

Ná bí i do chraosaire cuimhne! Tá Firefox chomh glic le sionnach (ar ndóigh) agus chomh lúfar le fia. Toisc go n-úsáidimid níos lú cuimhne ná Chrome, leanfaidh na feidhmchláir eile ar do ríomhaire ag rith faoi lánluas.

Go leor cluaisíní gan mhoill ar bith

An ndéanann tú iltascáil i gcluaisíní éagsúla? Is brabhsálaí ilphróiseas é Firefox anois, rud a chiallaíonn go bhfanann do chuid cluaisíní go léir cothrom le dáta agus go n-athlódálann siad go gasta. Le 86% níos lú ama feithimh, beidh tú in ann athrú ó chluaisín go cluaisín fiú nuair atá go leor acu oscailte.

Cluichíocht den chéad scoth sa bhrabhsálaí

Bhíomar ar thús cadhnaíochta ó thaobh cluichíochta 3T sa bhrabhsálaí, agus táimid ag cur feabhais ar fheidhmíocht ó shin. Laghdaíonn Firefox amanna feithimh, feabhsaíonn sé cumarsáid líonra, agus déanann sé optamú ar an gcluichíocht trí bhrabhsáil níos cumhachtaí níos éifeachtaí.