Leabharmharcanna níos fearr

Ná buair do cheann, a leabharmharcóra! Eagraigh le Firefox iad.

Tá seans maith ann nach dtagann do chóras le riachtanais Firefox; bain triail as ceann de na leaganacha éagsúla seo:

Ní chomhlíonann do chóras na riachtanais chun Firefox a úsáid.

Ní chomhlíonann do chóras na riachtanais chun Firefox a úsáid.

Please follow these instructions to install Firefox.

Príobháideachas Firefox

Gnéithe

  • Cuir i dtaisce iad

    Cuir réiltín leis na leabharmharcanna is ansa leat, cuir ainm nua leo, nó cruthaigh do chuid fillteán féin. Ansin bain úsáid as an mbarra leabharmharc chun súil a choinneáil ar nascanna a thaitníonn leat.

  • Cuir ag imeacht iad

    Beir do chuid leabharmharcanna leat. Úsáid Firefox Sync chun teacht ar na nascanna is ansa leat ar do ríomhaire agus ar ghléasanna soghluaiste. Nó bain triail as Pocket – uirlis a ligeann duit alt nó leathanach ar bith a shábháil agus a léamh níos déanaí – fiú gan cheangal Idirlín.

  • Cuir in eagar iad

    go leor breiseán ann a chabhróidh leat níos mó tairbhe a bhaint as leabharmharcanna: réamhamhairc lánleathanaigh, barraí taoibh mear-mhalartacha, leabharmharcanna príobháideacha ardslándála, ag neart eile.

Tuilleadh príobháideachais

Ní dhíolann Firefox do chuid faisnéise pearsanta ar nós comhlachtaí eile. Le huirlisí príobháideachais agus cosaint ar lorgaireacht, is tusa amháin atá i gceannas ar do chuid sonraí.

Seo mar a chosnaíonn Firefox do phríobháideachas

Tuilleadh saoirse

Nílimid sásta a bheith ag sodar i ndiaidh na n-uasal. Mar chuid den eagraíocht neamhbhrabúis Mozilla, tá Firefox ar thús cadhnaíochta sa troid ar son ceart ar líne agus ar son Idirlín a dhéanann leas do chách.

Brabhsáil neamhspleách le Firefox